Lyon
| Lyon (fr) Lugdunum (la) | |||||
|
|||||
| Ainmnithe in ómós | Lugdunum | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
| Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
| Réigiún na Fraince | Auvergne-Rhône-Alpes | ||||
| Territorial collectivity of France with special status (en) | Metropolis of Lyon (en) | ||||
| Príomhchathair de | departmental district of the Rhône (en) Rhône zone de défense et de sécurité Sud-Est (fr) Arrondissement Lyon Metropolis of Lyon (en) canton de Lyon-V (–2015) canton de Lyon-VI (–2015) canton de Lyon-IX (–2015) canton de Lyon-VIII (–2015) canton de Lyon-XII (–2015) canton de Lyon-X (–2015) canton de Lyon-XIV (–2015) canton de Lyon-II (–2015) canton de Lyon-XIII (–2015) canton de Lyon-VII (–2015) canton de Lyon-I (–2015) canton de Lyon-IV (–2015) canton de Lyon-XI (–2015) Auvergne-Rhône-Alpes (2016–) Rhône-Alpes (–2016) Gallia Lugdunensis (27 "RCh"–486) | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 519,127 (2023) | ||||
| • Dlús | 10,844.52 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | aire d'attraction de Lyon (fr) unité urbaine de Lyon (fr) | ||||
| Cuid de | Metropolis of Lyon (en) | ||||
| Achar dromchla | 47.87 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Róin, Saône agus Tête d'Or Lake (en) | ||||
| Airde | 173 m-160 m-312 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Vaise, Saint-Rambert-l'Île-Barbe, La Guillotière, La Croix-Rousse agus Lugdunum | ||||
| Eachtra thábhachtach | |||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Méara Lyon | Grégory Doucet (2020–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 69001, 69002, 69003, 69004, 69005, 69006, 69007, 69008 agus 69009 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | lyon.fr | ||||
Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an tríú cathair is mó sa Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastranómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.
Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó sa Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.
Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.
Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is príomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.
Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.
