COMÓRTAS!
Tá dhá chóip den fhoclóir nua Béarla-Gaeilge le bronnadh againn a bhuíochas le Foras na Gaeilge agus foireann an fhoclóra.
Tugaigí ❤️ don teachtaireacht seo agus déanaigí atvuíteáil uirthi le bheith san iomaíocht do chóip d’fhoclóir Uí Mhianáin.
Tuairisc
43.6K posts
Seirbhís nuachta do phobal uile na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear. Nuacht, eolas, anailís agus siamsaíocht.
- 🥇Craobh na hEorpa ✅ 🥇Craobh an Domhain ✅ Agus anois... 🥇Cluichí Oilimpeacha!! ✅ Tá an beart déanta ag Paul O'Donovan agus Finbar McCarthy i dTóiceo! Bonn óir buaite ag Éirinn! 🚣🥇🇮🇪
- Más fíor go bhfuil tú imithe, a Fungie, go raibh maith agat as 37 bliain draíochta tuairisc.ie/mas-fior-go-bh…
- Deir Catherine Connolly, atá ag seasamh d’uachtaránacht na hÉireann, gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus tá geallúint tugtha aici go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” na hoifige dá dtoghfaí í 🇮🇪
00:00 - GACH LEABHAR & CD a d’fhoilsigh CIC in 2018 le buachan! Tá ciseán le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí. Níl le déanamh le cur isteach ar an gcomórtas breá seo ach croí a thabhairt don phictiúr seo agus é a roinnt.
- Tá Bonn Cré-Umha buaite ag Éirinn! 🇮🇪🥉 Bhí Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn mar chuid d'fhoireann ceathrar ban na hÉireann a chríochnaigh sa tríú háit sa bhabhta ceannais i dTóiceo!
- ‘Ár mbeannacht leat, a Rónáin’ - dorn san aer agus slán le fear uasal álainn
00:00 - COMÓRTAS NA NOLLAG! Ciseán de gach leabhar a d’fhoilsigh an teach foilsitheoireachta An Gúm i mbliana & cóip den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge le bronnadh againn. Níl le déanamh le cur isteach ar an gcomórtas breá seo ach croí a thabhairt don phictiúr seo & é a roinnt.
- Máire Mhac an tSaoi, duine de mhórfhilí na hÉireann, tar éis bháis tuairisc.ie/maire-mhac-an-… via @tuairiscnuacht
- COMÓRTAS MÓR NA NOLLAG! i gcomhar le LOVE LEABHAR GAEILGE Ciseán de gach leabhar a bhí i gcomórtais AN POST, GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN agus GRADAM REICS CARLO le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí. Níl le déanamh ach croí a thabhairt don phictiúr seo agus é a roinnt.
- ‘Tá grá agam don bhia agus don Ghaeilge’ – caifé nua á oscailt i nGaeltacht Chonamara tuairisc.ie/ta-gra-agam-do…
- Bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann tuairisc.ie/bonn-oir-oilim…
- Máirtín Tom Sheáinín ag fágáil slán le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla inniu agus a chlár deireanach curtha i láthair aige. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
- Maitiú Ó Coimín lasmuigh den oifig tráthnóna. Inniu a lá deireanach linn, ach a lorg fágtha aige ar an suíomh ó tháinig sé isteach mar dhuine de mheitheal bhunaithe Tuairisc.ie breis is trí bliana ó shin. Go n-éirí go geal leis... ach 😭💔!















