Seirbhísí Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara
Tugann Údarás Áitiúil Chill Dara faoi deara na dualgais a leagtar orthu de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá Údarás Áitiúil Chill Dara tiomanta na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm ag Údarás Áitiúil Chill Dara freastal ar dhaoine ar mhaith leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge.
Cbhraíonn an tOifigeach Gaeilge le baill foirne na Comhairle a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, mar aon leis an reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ar OGILO@kildarecoco.ie
Tá Gaeilge ar a dtoill ag baill foirne a bhíonn ag plé leis na rannóga agus na réimsí seo a leanas i gComhairle Contae Chill Dara. Ba mhaith linn freastal ar chustaiméirí trí mhean na Gaeilge – labhair Gaeilge linn!
- Seirbhísí do Chustaiméirí
- An tSeirbhís Leabharlainne agus Ealaíon
- Cumarsáid
- Pleanáil
- Gníomhú ar son na hAeráide
- Seirbhísí Uisce
- Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara
- Seirbhísí do Bhaill
- Clár na dToghthóirí
- Airgeadas
- Acmhainní Daonna
- Tithíocht
- Bóithre
Dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021
Tugann Údarás Áitiúil Chill Dara faoi deara na dualgais a leagtar orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá Údarás Áitiúil Chill Dara tiomanta na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá sé mar aidhm ag Údarás Áitiúil Chill Dara freastal ar dhaoine ar mhaith leo gnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge.
Cabhraíonn an tOifigeach Gaeilge le baill foirne na Comhairle a ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, mar aon leis an reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge ar OGILO@kildarecoco.ie
Scéim na bhFáinní – Scheme for primary schools across County Kildare

Developed by Kildare County Council’s Irish Language Committee, Coiste Gaeilge and supported by Cill Dara le Gaeilge and Conradh na Gaeilge, this initiative aims to encourage and support the increased use of the Irish language among sixth class students, as they prepare for the important transition to post-primary education.
To participate, teachers are asked to facilitate a six-week programme aiming to increase the amount of spoken Irish, Content and Language Integrated Learning is central to the programme e.g. Ealaín (Art) through Irish, Corpoideachas (Physical Education) through Irish, Ceol (Music) through Irish etc.As part of the programme, students are required to undertake two Irish language-related projects of their own choosing. These may include:
- Researching the Irish origins of Logainmneacha Áitiúla (Local Placenames)
- Collecting Seanfhocail agus Nathanna Cainte (Irish Proverbs and Idioms)
- Staging a Dráma as Gaeilge (Irish Language Drama)
- Hosting Coinní Puipéad (Puppet Meet and Greets) as Gaeilge
- Creating Méimeanna Gaeilge (Irish Language Memes)
Expressions of interest in this scheme can be made by school principals, by emailing: teangabheo@kildarecoco.ie , including the following details:
- School name and the name(s) of the sixth-class teacher(s) who would facilitate the initiative.
- A brief explanation of how sixth-class students in your school would benefit from participating in Scéim na bhFáinní.
- The current number of sixth-class students enrolled in your school.
Places will be allocated to 20 schools based on the responses to question 2, with an equal number of places distributed across each Municipal District.
For further details on Scéim na bhFáinní, please contact the Irish Language Officer, Kildare County Council, at OGILO@kildarecoco.ie or by phone at 045 980941.
Scéim na bhFáinní – Scéim do bhunscoileanna fud fad Chontae Chill Dara

Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara a d’fhorbair an scéim seo a chuirfear i bhfeidhm le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo scoileanna a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc daltaí i rang a sé agus iad ag fáil faoi réir don aistriú tábhachtach go dtí leibhéal an iar-bhunoideachais.
Chun páirt a ghlacadh sa scéim, iarrtar ar mhúinteoirí clár sé seachtaine a éascú chun an méid Gaeilge a labhraítear a mhéadú sna ceithre seachtaine roimh Sheachtain na Gaeilge agus le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga mar chuid lárnach den chlár m.sh. Ealaín trí Ghaeilge, Corpoideachas trí Ghaeilge, Ceol trí Ghaeilge is araile. Mar chuid den chlár, tabharfaidh daltaí rannpháirteacha faoi dhá thionscnamh dá rogha féin a mbeidh an Ghaeilge fite fuaite iontu. D’fhéadfadh ábhair mar na hábhair seo a leanas a bheith san áireamh:
- Taighde a dhéanamh ar bhunús Gaeilge Logainmneacha Áitiúla
- Seanfhocail agus Nathanna Cainte a bhailiú
- Dráma Gaeilge a chur ar stáitse
- Coinní Puipéad as Gaeilge a óstáil
- Méimeanna Gaeilge a chruthú
Is féidir le príomhoidí scoileanna léirithe spéise a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig teangabheo@kildarecoco.ie agus ní mór na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh:
- Ainm na scoile agus ainm(neacha) an mhúinteora/na múinteoirí rang a sé a d’éascódh an tionscnamh.
- Míniú gairid ar an dóigh a mbainfeadh daltaí i rang a sé i do scoilse tairbhe as páirt a ghlacadh i Scéim na bhFáinní.
- Líon na ndaltaí atá cláraithe i rang a sé sa scoil faoi láthair.
Dáilfear áiteanna ar 20 scoil bunaithe ar na freagraí a thugtar ar cheist 2, agus déanfar an líon céanna áiteanna a dháileadh sna Ceantair Bhardasacha uile.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim na bhFáinní, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara ag OGILO@kildarecoco.ie nó ar an nguthán ag 045 980941.
Seachtain na Gaeilge 2026

Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge i gContae Chill Dara?
Léigh ár bpreasráiteas anseo.
Would you like to learn more about Seachtain na Gaeilge events in County Kildare? Please read our press release here.

☘️Tá Seachtain na Gaeilge 2026 ag druidim linn (1-17 Márta)
📅 An bhfuil imeacht Gaeilge nó dátheangach á eagrú agat i gContae Chill Dara?
👉 Cláraigh d’imeacht ag www.sceal.ie/claraigh-imeacht/ agus www.cilldaralegaeilge.ie/event-submit/
agus beidh sé le feiceáil ar an gclár oifigiúil SnaG.
#snag26 #AnGhaeilgeIgCillDara #CillDaraAbú
______________________________________________________________________
☘️Seachtain na Gaeilge 2026 is just around the corner (1-17 March)
📅 Are you organising an Irish language or bilingual event in County Kildare?
👉 Please register your event at www.sceal.ie/claraigh-imeacht/ and www.cilldaralegaeilge.ie/event-submit/
and it will appear on the official SnaG programme.
#snag26 #IrishLanguageInKildare #CillDaraAbú
- Tá na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge cláraithe ar Scéal.ie
- Tá maoiniú dimeachtaí Gaeilge a reachláiltear le linn Sheachtain na Gaeilge ar fáil ó Home - Conradh na Gaeilge | Ar son phobal na Gaeilge





