Ceithre dhán
Faoi theanga/theangacha

Ciao a chairde,
Seo iad na dánta a léigh mé os ard ar imeacht filíochta ó bhéal REIC aréir.
*
Seo dán faoi dá rud maidir leis an nGearmáinis a chuirfeadh mearbhall ar aon Ghael: 1. gurb í an Ghearmáinis ar ‘cheist’ ná ‘Frage’, agus 2. an ‘hehhhhh???!!’ — a athraíonn go buan do cheimic inchinne an chéad uair a chloiseann tú é i gcomhrá.
Aistriúchán
Sa Ghearmáin ní deirtear ceist,
deirtear Frage.
In ionad freagra,
deirtear Antwort.
Agus in ionad: mura mhiste leat an féidir leat
abair é arís ionas go mbeinn in ann é a thuiscint,
ach is ormsa an locht, a chara, tá a fhios agam
go bhfuil ormsa an locht nach chuala mé é an
chéad uair agus tá náire orm faoi agus ciontacht
mar a bhíonn orm faoi gach rud a dhéanaim is gach
smaoineamh a ritheann liom is gach nóiméad de
mo shaol mar Éireannach ceart
deirtear:
Hehhhhhhh?
*
Seo dán grá don teanga na hIodáilise. Is í an Iodáilis an teanga is randamaí atá agam: d’fhoghlaim mé an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Spáinnis ar scoil, agus an Ghearmáinis nuair a bhí mé i mo chónaí i mBeirlín, mar sin baineann ciall éigin leis go mbeadh siadsan agam. Maidir leis an Iodáilis, ní raibh aon riachtanas praiticiúil nó acadúil nó pé rud; d’fhoghlaim mé í as grá amháin.
Rómánsúlacht Bhí tú i gcónaí ann, ó ré órga Dante fiú, agus bhí a fhios agam go deo go mbeifeá mo stór focal uair amháin. Bhí do rian ar gach bileog cheoil a sheinm mé mar pháiste: dolce, doloroso, sostenuto. Fuair mé spléachadh ort sna leabhair na bhfear marbh: James Joyce, F. Scott Fitzgerald. Cheap siadsan go raibh aithne ceart acu ort, fiú nuair a shíl a n-aistritheoirí Iodáilise rud eile. Mé féin, bhí mé níos cúthaile. Agus tusa chomh galánta, chomh paiseanta — conas iarracht a dhéanamh ort? D’éist mé leis na gceoldrámaí cáiliúla ar an mbus gach lá — déagóir normálta a bhí ionam — agus d’fhoghlaim na huimhreacha mar sin. Cinque, dieci, venti, trenta. Níos cosúla leis an nGaeilge ná an mBéarla; cúis eile a thit i ngrá. Ach caithim a bheith ionraic. (Tá an fhírinne tuillte agat anois.) Ní raibh mé dílis duit. Chuaigh mé le teangacha eile. Bím síoraí ar thóir — mar a deirtear. Is mise sóirt Don Giovanni na ngramadaí, libirtíneach labhartha, ag sodar ina dhiaidh frásaí nua. In Iodáilis, cosúil leis an nGaeilge, is í la lingua an gearradh feoil taobh thiar de na fiacla agus córas cainte ag an am chéanna. Avere la lingua lunga — bheith cainteach. Ach níl tú ró-fhoclach domsa. Bhíos ar tí a rá: ‘Tá an dhá brí leis an bhfocal “teanga” i bhFraincis agus i Spáinnis freisin’, ach ní maith leat nuair a bhím ag caint faoi Rómánsachaigh eile. Nach tusa a bhí i mo theannta agus mise ag siúl ar na gcloch dhuirlinge i Roma, faoina bpóirseáid i mBologna, faoin trá i Liguria, chuig an leabharlann Braidense i Milano. Nach tusa a d’aistrigh mé. Ar ndóigh bímid ag argóint ó am go chéile. Do bhriathra casta — i bhfad níos casta ná an Fhraincis, dála an scéal, mar sin an chéad uair eile a deir duine éigin ‘Taw Idawlish, loike, i wad knee-us ace-ka’, tabhair dó briathar a réimniú sa congiuntivo trapassato agus fan go bhfeicfimid — ach fiú do bhriathra casta, is aoibhinn liom iad siúd. Tá neart daoine ann a cheapann is acu féin atá tú, ach mura bhfuil na briathra acu i gceart, níl ach ag cliúsaíocht atá siad. Nílim éadmhar, áfach. Tá teangacha eile agamsa; cén fáth nach mbeadh cainteoirí eile agatsa? Sinne, siamo speciali. Mo réaltín Rómánsach thu, caint mo chroí. Tá Iodáilis agamsa agus mise aici féin.
*
Seo dán faoin bhfrustrachas a chuirtear orm maidir le cé chomh tanaí is atá an plé ar an bPalaistín sa mheáin Bhéarla agus na Gearmáine — scríofa, is dócha, i gcoinne an dearcaidh gur gá do scríbhneoirí (agus gur féidir leo, fiú) a bheith ‘caolchúiseach’ maidir le cinedhíothú.
Suimeanna
Trí faoi thrí — sin naoi
ach ní hé sin an cheist
An gcáineann tú an naoi?
An gcáineann tú an naoi
a bheidh i gcónaí ann
chomh fada ’s a nítear trí faoi trí?
Anois, tomhaisín
As an Ghearmáin atá sé
Was kann man brechen,
ohne es anzufassen?
Cad atáthar in ann a bhriseadh
gan do lámh a chur air?
Freagra traidisiúnta ná:
Ein Versprechen
Gealltanas
Ach bristear neart rudaí eile
gan a rá cén chaoi
Ceann eile:
Was hat einen Anfang,
aber kein Ende?
Cad atá tús air
ach gan críoch?
Bítear
ainmfhocail
gan focail a ainmniú
Scrios léir gan léirscrios
Gníomh ainnis gan ainghníomh
Díothú cine gan cinedhíothú
Ró-gharbh?
Más fearr leat, tuilleadh suimeanna
Dá gcaillfí seasca míle duine
trí chinntí daonna
cé mhéid a mharófaí?
Nialasach
Nialas
Ní
*
Seo dán faoi na sé theanga atá agam — agus faoin uathachas freisin, seans. Tá baint éigin idir an dá rud.
An Hiodra Luath nó mall, éirím a bheith iomarcach do gach duine a bhuailim leis — gach duine. Glacaim leis go dtiocfaidh an nóiméad sin. Déanaim mo dhícheall an deoraíocht a chur siar, a fhanacht laistigh soicind níos mó. Mar sin a tháinig blas Sasanach ar mo chuid Béarla: chun go mbeinn níos éasca dóibh féin. ‘Is ar éigin a aithneoinn gur Éireannach thú’, a dúirt siad. Moladh faoi bhréagriocht — mo bhréagriochtsa. Ní cinneadh comhfhiosach a bhí ann. Lean mé a rithim amhlaidh dá mbeinn ag foghlaim damhsa nua. Haon dó trí, dó dó trí, agus an chéad rud eile bhí mé ag fuaimniú Ireland mar Eye Land. (Nó mar island amháin, ach ní thaitníonn leo an smaoineamh sin.) Cé thusa? An-cheist — í seo. Tá sé leagan díom ar a laghad, ceann in aghaidh gach teanga atá agam. Bím ag imirt leo. Facsimilé français favorise formalité froide; el exemplar español emite entusiasmo (external). Der deutscher Doppelgänger dürfte doch deutliche Direktheit darstellen. Iterazione italiana invece impiega idioma idilliaco, idealizzato. In English, what I just said — in a ludically alliterative mix of French, Spanish, German and Italian — was: bitches will literally learn six languages instead of going to therapy. Haon dó trí ceathair cúig sé seacht n-aithne agam ar na gcinn de mo hiodra féin. Bhí mé iomarcach, mar sin roinn mé m’fhéiniúlacht i sé chuid. Ach gach uair a ghearrtar mé ina dhá leath nach fhásann dhá oiread díom ar ais. Fáilte roimh cách, an ceann beagán Sasanach fiú. Éist le fuaim na habhann is gheobhair breac; eist liomsa agus cá fhios?
*
Is breá liom scríobh i nGaeilge. Tá Béarla níos éasca dom — ach dá mbeadh sé i gceist agam an bealach na héascaíochta a roghnú, ní rachainn i mbun pinn i dteanga ar bith.
Beir bua,
N

