Acmhainní Gaeilge

Ruaille & Buaille: Sraith Idirghníomhach Mhata i nGaeilge

Tá sé de sprioc ag an tsraith spreagúil seo, arna maoiniú ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Northern Ireland Screen, foghlaim na matamaitice a dhéanamh spraíúil agus idirghníomhach.

Baineann Ruaille & Buaille le hábhair churaclaim Eochairchéim 1 agus Eochairchéim 2, le fócas faoi leith ar Chruth agus Spás. I ngach eipeasóid, téann daltaí ar eachtraí le beirt arrachtaí fhuinniúla a mhíníonn cúrsaí mata ar bhealach simplí agus spraíúil.

Ruaille agus Buaille agus Eochair na gCruthanna

Sa chlár seo, faigheann Ruaille agus Buaille eochair dhraíochtach a chuidíonn leo foghlaim faoi chruthanna 2T – cearnóga, dronuilleoga agus triantáin!

Turas na hImlíne Ruaille agus Buaille

Cuidigh le Ruaille agus Buaille imlíne a ríomh agus iad ag dul ar eachtra le cruthanna a aimsiú.

Turas na n-Uillinneacha Ruaille agus Buaille

Glac páirt le Ruaille agus Buaille agus iad ag dul ar eachtra chun rúndiamhair na n-uillineacha a réiteach. Foghlaim faoi uillinneacha i gcruthanna agus conas iad a ríomh.

Safari Siméadrachta Ruaille & Buaille – An Eachtra i dTír na Scáthán

Taistil le Ruaille agus Buaille go Tír na Scáthán, áit a bhfoghlaimíonn siad faoi shiméadracht agus a chuidíonn siad le cara éalú ó chleasa an ilchruthaigh!

Úsáideann Ruaille agus Buaille Achar le rud éigin a thógáil

Sa chlár seo, tá misean ag Ruaille agus Buaille chun iontas a thógáil do chara, agus foghlaimíonn siad conas achar a ríomh ar an mbealach.

Eachtra na gCruthanna Rúnda Ruaille agus Buaille

Sa chlár seo, tugann Ruaille agus Buaille cuairt ar an músaem agus buaileann siad le hollamh a thaispeánann dóibh liathróidí, pirimidí, agus ciúbanna agus iad ar eachtra 3T.

Mistéir na dTomhas Caillte Ruaille agus Buaille

Socraíonn Ruaille a seomra leapa a atheagrú agus teastaíonn cúnamh ó Buaille chun na tomhais a ríomh. An n-úsáidfidh sí ceintiméadair, milliméadair nó méadair?

Cás Aisteach na Páirce Measctha Ruaille agus Buaille

Tá an pháirc ina praiseach, agus caithfidh Ruaille agus Buaille treoracha a úsáid chun dúshláin an ilchruthaigh a réiteach agus gach rud a chur ar ais mar ba cheart.

Dúshlán 3T Ruaille agus Buaille

Déanann Ruaille agus Buaille iniúchadh ar fhaobhair, aghaidheanna, agus reanna chun an dúshlán 3T a réiteach. Foghlaimíonn siad conas a chuidíonn na tréithe seo leo cruthanna 3T éagsúla a thuiscint.

Eachtra na bPatrún Ruaille agus Buaille

Déanann Ruaille agus Buaille iniúchadh ar phatrúin éagsúla le cruthanna, dathanna, agus fiú fuaimeanna. Faigheann siad amach conas a chruthaíonn na gnéithe seo dearaí spraíúla agus uathúla.