4060
An tAire Iompair
https://www.tii.ie/en/about/
28/04/2026
Baile Átha Cliath
19/05/2026 15:00
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Cuirfidh an tAire Iompair fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun folúntas do Ghnáthbhall ar Bhord Bhonneagar Iompair Éireann a líonadh.
Profíl 1: Airgeadas agus Iniúchadh agus Riosca Riachtanach
Iarrfar ar iarrthóirí páirt a ghlacadh sa Choiste Iniúchta agus Riosca, agus d'fhéadfadh go n-iarrfar orthu freastal mar Chathaoirleach ar an gCoiste. Ní mór d’iarrthóirí fianaise a léiriú ina n-iarratas maidir le taithí sna réimsí seo a leanas ag leibhéal sinsearach cuí:
• Taithí airgeadais i réimse na cuntasaíochta, an iniúchta, na bainistíochta i dtaca le riosca airgeadais, an airgeadais chorparáidigh, nó i reimsí airgeadais ábhartha eile• Taithí shuntasach ar a bheith mar bhall de Bho(i)rd• Rialachas corparáideach, bainistíocht riosca agus cloí le riachtanais rialála in eagraíocht atá cosúil le Bonneagar Iompair Éireann ó thaobh méide agus castachta de.
Inmhianaithe
Tá sé inmhianaithe chomh maith go léireodh iarrthóirí fianaise go bhfuil taithí acu ar na réimsí seo a leanas:• Pleanáil don Lucht Saothair• Taithí Dlí Ábhartha• Taithí ar a bheith ag obair san earnáil iompair nó taithí cosúil leis seo i dtionscal atá cosúil léi• Tuiscint fhollasach ar thimpeallacht agus ar luachanna na seirbhíse poiblí agus ar an rialachas corparáideach sa tseirbhís phoiblí.
Profíl 2: Airgeadas, Iniúchadh agus Riosca, agus TF
Riachtanach
Iarrfar ar iarrthóirí páirt a ghlacadh sa Choiste Iniúchta agus Riosca, agus d'fhéadfadh go n-iarrfar orthu freastal mar Chathaoirleach ar an gCoiste. Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí fianaise a léiriú ina n-iarratas maidir le taithí ag leibhéal sinsearach cuí in eagraíocht mhór chasta ar na nithe seo a leanas:• Taithí airgeadais i réimse na cuntasaíochta, an iniúchta, na bainistíochta i dtaca le riosca airgeadais, an airgeadais chorparáidigh, nó i reimsí airgeadais ábhartha eile• Taithí shuntasach ar a bheith mar bhall de Bho(i)rd• Rialachas Corparáideach, bainistíocht riosca agus cloí le riachtanais rialála in eagraíocht atá cosúil le Bonneagar Iompair Éireann ó thaobh scála agus castachta de, lena n-áirítear freagracht as ceisteanna TF agus cibearshlándála.
Tá sé inmhianaithe chomh maith go léireodh iarrthóirí taithí ghairmiúil ag leibhéal sinsearach bainistíochta ar cheann amháin nó níos mó díobh seo: • Pleanáil don Lucht Saothair• Taithí Dlí Ábhartha• Taithí ar a bheith ag obair san earnáil iompair nó taithí cosúil leis seo i dtionscal atá cosúil léi• Tuiscint fhollasach ar thimpeallacht agus ar luachanna na seirbhíse poiblí agus ar an rialachas corparáideach sa tseirbhís phoiblí.
Profíl 3: Bonneagar
Ní mór d’iarrthóirí fianaise a léiriú ina n-iarratas maidir le taithí sna réimsí seo a leanas ag leibhéal sinsearach cuí:• Tuiscint fhollasach ar thimpeallacht agus ar luachanna na seirbhíse poiblí agus ar an rialachas corparáideach sa tseirbhís phoiblí.• Tuiscint agus eolas ar réimse cúraim reachtaíochta TII• Taithí shuntasach ar a bheith mar bhall de Bho(i)rdNí mór go mbeadh taithí agus cumas fairsing ag an iarrthóir i dtaca le ceann amháin, ar a laghad, de na réimsí seo a leanas: • Bonneagar iarnróid• Tógáil bóithre• Innealtóireacht
Tá sé inmhianaithe chomh maith go léireodh iarrthóirí fianaise go bhfuil taithí acu ar na réimsí seo a leanas:• Athchóiriú digiteach• Leictriú feithiclí• Líonraí cumhachta• Pleanáil don Lucht Saothair• Lóistíocht• Earnáil an iompair phoiblí• Rialachas Corparáideach• Innealtóireacht bóithre• Bainistíocht Riosca
Dáta Dúnta: 15:00 ar an Máirt 19 Bealtaine 2026
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.